Slí an Iarthair
Is siúlóid leanúnach í Slí an Iarthar. Tosaíonn sí in Uachtar Ard, i gCo. na Gaillimhe agus leanann sí ar aghaidh go dtí an Mám. Uaidh sin déanann sí a bealach tríd Ghleann Inneach agus as sin chomh fada leis an Caoláire Rua sa Líonán. Trasnaíonn sí isteach go Contae Maigh Eo ag Aasleagh. Sleamhnaíonn sí ó thuaidh, ag trasnú fánáin Chruach Phádraig, tríd Chathair na Mairt agus Baile Uí Fhiacháin. Gluaiseann sí tríd Sléibhte Néifinn chomh fada le Derry, Bellacorick agus Sheskin, áit a threabhann sí tríd tírdhreach iargúlta. Ó Bhaile an Chaisil i Tu-aiscirt Maigh Eo, sníomhann sí síos bóithre beag tuaithe tríd Chill Alla agus Béal an Átha. Tagann sí go ceann scríbe in Muine Chonalláin in aice le teorainn Shligigh, ós cionn 200 km ón tús.
Sábháilteacht agus Compoird
- Bróga feiliúnacha
- Éadaigh báistí
- Tabhair leat uisce agus bia fuinniúil
- Tabhair aire agus tú ag siúl taobh le haibhneacha
- Is deachleachtas é eolas faoi do thuras a fhágáil le duine éigin
- Tabhair aire agus tú ag trasnú bearnaí sléibhe
- Tabhair aire faoi áiteanna iargúlta.
- Fón póca a thabhairt leat
Ná Fág Do Lorg
- Pleanáil chun cinn agus bí ullamh
- Smaoinigh ar dhaoine eile
- Bíodh meas agat ar ainmhithe feirme agus ar fhiadhúlra
- Fág gach rud mar a fhaigheann tú é
- Faigh réidh le bruscar mar ba choir
CLOÍ LEIS AN CÓD IS TÚ AR AON TURAS AMUIGH FAOIN AER
TRAILHEAD
NO DOGS ALLOWED